18 Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: “Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.” Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t‑airgead ina lámha.
19 Chuir sí chun suain ina hucht é, agus chuir fios ar fhear agus bhearr sé na seacht ndual dá cheann. Ansin chrom sí ar spochadh as agus theip ar a chumas.
20 Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.
21 Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.
22 An ceann gruaige a bhí bearrtha, chrom sé ar fhás arís.
23 Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar:“Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.”
24 A luaithe a chonaic an pobal a ndia, chuireadar na gártha suas ina onóir, agus mholadar é in ard a ngutha:“Thug ár ndia ár namhaid ar láimh dúinn,An té sin a chreach ár dtír, agus a mharaigh an oiread sin dínn.”