Breithiúna 16:25-31 ABN

25 Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.

26 Dúirt Samsón leis an ngiolla a raibh greim láimhe aige air: “Lig dom mo lámha a chur ar na colúin atá ag cothú an tí, chun go luífinn ina gcoinne.”

27 Bhí an teach lán d'fhir agus de mhná; bhí taoisigh uile na bhFilistíneach ann, agus bhí timpeall trí mhíle fear agus bean ag faire ón díon ar Shamsón ag déanamh cleas.

28 Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d'fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.”

29 Rug Samsón ansin ar an dá cholún láir ar a raibh an teach ag brath, agus chuir a mheáchan go léir ina gcoinne, a dheasóg i gcoinne cinn acu agus a chiotóg i gcoinne an chinn eile.

30 Scread sé: “Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.” Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha.

31 Tháinig a bhráithre agus muintir uile a athar anuas agus thugadar leo é. Thugadar aníos é agus chuireadar é idir Zorá agus Eisteáól i dtuama Mhánóach, a athair. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh fiche bliain.