3 D'fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d'éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d'ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d'fhág ansin iad].
4 Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.
5 Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”
6 Dúirt Dilíleá le Samsón: “Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.”
7 D'fhreagair Samsón: “Dá gceanglófaí mé le seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh, ansin chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”
8 Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.
9 Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.