Breithiúna 16:8-14 ABN

8 Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.

9 Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.

10 Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.”

11 D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”

12 Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.

13 Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.” Dúirt sé léi: “Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”

14 Chuir sí chun suain é, d'fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán.