13 Lean sé air ansin agus dúirt lena ghiolla: “Téimis ar aghaidh agus bainimis amach áit éigin díobhsan - Gibeá nó Rámá agus caithfimis an oíche ann.”
14 D'imíodar leo, dá bhrí sin, agus ar aghaidh leo ar a n‑aistear. Ag druidim le Gibeá i mBiniáimin dóibh bhí an ghrian ag dul faoi.
15 Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann.
16 Ach seanduine a bhí ag teacht abhaile tráthnóna óna obair sna goirt, tháinig sé an treo. B'as ardáin Eafráim dó, duine deoranta ag cur faoi i nGibeá; Biniáiminigh iad muintir na háite.
17 D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”
18 D'fhreagair seisean é: “Táimid ar an mbóthar ó Bheithil in Iúdá go hiargúl ardáin Eafráim, áit arb as dom. Chuas go Beithil in Iúdá, agus anois táim ag filleadh abhaile; ach níor thug aon duine cuireadh chun a thí dom,
19 cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.”