19 cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.”
20 Dúirt an seanduine ansin: “Fáilte romhat! Féachfaidh mise chun a bhfuil uait, ach ná caith an oíche sa chearnóg.”
21 Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d'ith agus d'ól.
22 Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”
23 Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: “Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin.
24 Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.”
25 Ní éisteodh na fir leis. Rug an Léivíteach ar a bhean luí dá bhrí sin agus chuir amach chucu í. Luíodar léi agus mhaslaíodar í ar feadh na hoíche go maidin. Le breacadh an lae scaoileadar léi.