27 D'éirigh a fear ar maidin agus d'oscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach.
28 Dúirt sé léi: “Bí i do sheasamh, ní foláir dúinn imeacht,” ach freagra ní bhfuair sé. Ansin d'ardaigh sé ar dhroim a asail í, agus chuir chun bóthair abhaile.
29 Nuair a shroich sé a theach, fuair sé scian, rug ar a bhean luí agus roinn í, ball ar bhall, ina dhá chuid déag; ansin scaip sé í ar fud críocha uile Iosrael.
30 [Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: “Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: ‘Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.’ ”] Gach duine a chonaic, dúradar: “Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.”