Breithiúna 19:3-9 ABN

3 Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.

4 Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, d'iallach air fanacht fairis, agus d'fhan fairis trí lá; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar an oíche ann.

5 Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”

6 Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”

7 Nuair a d'éirigh seisean chun imeachta, thathain athair a chéile air arís agus chaith sé oíche eile ann.

8 An cúigiú maidin, d'éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus d'itheadar araon le chéile.

9 Nuair a d'éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.”