1 Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.
2 Agus ó bhur thaobhsa de, ná déanaigí aon chonradh le muintir na tíre seo; scriosaigí a n‑altoirí.’ Ach níor ghéill sibh do m'orduithe. Cad é seo a rinne sibh?
3 Deirim anois dá bhrí sin, ní thiomáinfidh mé amach romhaibh iad. Beidh siad agaibh mar ghéarleanúinteoirí, agus beidh a ndéithe mar ghaiste daoibh.”
4 Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.
5 Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd.
6 Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.
7 Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.