Breithiúna 2:14-20 ABN

14 bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.

15 Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n‑aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.

16 Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta.

17 Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan.

18 Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.

19 Nuair a d'fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d'fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n‑aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht.

20 Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,