20 Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,
21 ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d'fhág Iósua sa tír nuair a d'éag sé a dhíbirt rompu.”
22 Ba d'fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís.
23 Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad.