1 Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.”
2 Chuaigh an pobal go Béitéil agus d'fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.
3 Dúradar: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán d'Iosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?”
4 Lá arna mhárach, d'éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.
5 Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.
6 Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: “Tá treibh gearrtha chun siúil d'Iosrael inniu.
7 Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”