11 Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.” Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.]
12 Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán.
13 Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon.
14 D'fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann.
15 Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael.
16 Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: “Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?”
17 Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d'fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?