17 Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d'fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?
18 Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”
19 “Ach, féach!” ar siad, “tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.” (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.)
20 Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: “Téigí i luíochán sna fíonghoirt
21 agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin.
22 Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”
23 Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a d'fhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, d'fhilleadar ar a n‑oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu.