22 Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”
23 Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a d'fhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, d'fhilleadar ar a n‑oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu.
24 D'imigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; d'fhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin.
25 Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin.