1 Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d'fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.
2 (Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d'fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):
3 cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.
4 Bhí sé d'fheidhm leo Iosrael a thriail féachaint an gcoimeádfaidís na haitheanta a thug an Tiarna dá sinsir ó bheal Mhaois.
5 Chuir clann Iosrael fúthu dá bhrí sin i measc na gCanánach, na Hiteach, na nAmórach, na bPirizeach, na Hiveach, na Iabúsach;
6 phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n‑iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe.
7 Rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, go ndearnadar fónamh do na Bálaím agus do na hAiseárót.