13 Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.
14 Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag.
15 Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.
16 Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.
17 Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón.
18 Nuair a bhí an cháin curtha i láthair Eaglón aige, d'imigh sé leis an muintir a d'iompair an cháin.
19 Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.