23 Chuaigh Éahúd amach sa phóirse ansin, dhún doirse an tseomra uachtair air, agus chuir an glas orthu.
24 Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d'fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. “Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,” ar siad leo féin, “atá sé.”
25 D'fhanadar agus d'fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d'osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár.
26 D'éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá.
27 Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.
28 Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.
29 Mharaíodar an uair sin timpeall deich míle Móábach; laochra tréana cumasacha iad uile; níor fágadh fear inste scéil díobh.