1 Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd:
2 Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaothAgus tháinig an pobal i láthair le flosc.Molaigí an Tiarna dá bharrsan.
3 Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha!Canfaidh mé don Tiarna,Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.
4 A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír,Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm,Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh,Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.