16 Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróiteAg éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad?(I measc srutháin Reúbaen,Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)
17 D'fhan Gileád thar Iordáin.Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch?Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige,Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
18 Chuir treibh Zabúlun a n‑anam i bhfiontar,Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin.
19 Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas;Ansin throideadar, ríthe úd Chanán,Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo;Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.
20 Throid na réaltaí ó uachtar neimhe;Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí.
21 Scuab tuile Chiseon chun siúil iad,An tuile naofa, tuile Chiseon;Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh;
22 Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each,Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.