21 Scuab tuile Chiseon chun siúil iad,An tuile naofa, tuile Chiseon;Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh;
22 Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each,Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.
23 “Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna.Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann,Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna,I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
24 Gura beannaithe Iáéil i measc na mban;Bean Heibir, an Céineach;I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothannaGurab í is mó beannacht.
25 D'iarr sé uisce agus thug sí dó bainne;Thug sí gruth dó i gcorn flaithiúil.
26 Shín sí a lámh agus rug ar an bpionnaAgus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí.Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc;Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.
27 Thit sé agus síneadh ar lár faon ag a cosa é.Thit sé chun láir agus lántalún agus bhí sé ansiúd ina chnap.