28 Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog,Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl.“Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht?Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?”
29 Tugann an té is mó gaois ar a mná uaisle freagra,Freagra a dhéanann sí a aithris di féin.
30 “Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh,agus ag roinnt na creiche?- Ógbhean nó beirt do gach laoch;Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará;Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!”
31 Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna!Go raibh do chairde mar an ghrian,Agus í ag éirí i lán a nirt!Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.