3 Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha!Canfaidh mé don Tiarna,Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.
4 A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír,Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm,Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh,Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.
5 Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna,Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.
6 I laethanta Sheamgar mac Anát,I laethanta Iáéil,Tugadh cúl leis an mbóthar mór;Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.
7 Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam,Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá,Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.
8 An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do DhiaNí raibh focal astu.As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath,Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
9 Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael,Agus don mhuintir a sheas an fód go calma.Molaigí an Tiarna dá bharrsan!