7 Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam,Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá,Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.
8 An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do DhiaNí raibh focal astu.As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath,Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
9 Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael,Agus don mhuintir a sheas an fód go calma.Molaigí an Tiarna dá bharrsan!
10 A lucht falaireachta ar asail chróna,Le diallaití saibhre fúibh,Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre,Canaigí laoi
11 le gártha lúcháire an phobail,Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce.Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd,As beannachtaí a réimis in Iosrael.(Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)
12 Múscail, múscail, a Dheabórá,Múscail, múscail, agus abair amhrán.Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat;Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe,A mhic Aibíonoam!
13 Mháirseáil Iosrael síos chun na ngeataí,Mháirseáil pobal an Tiarna síos mar laochra chun troda ar a shon.