12 Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.
13 Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”
14 D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”
15 Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d'fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: “Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.”
16 Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca.
17 Dúirt sé leo: “Fairigí mise agus déanaigí mar a dhéanaimse. Nuair a thiocfaidh mé go himeall an longfoirt, déanaigí díreach mar a dhéanfaidh mise.
18 Nuair a shéidfidh mé ar an adharc, mé féin agus an dream a bheidh faram, ansin séidigí sibhse leis ar an adharc ar gach taobh den longfort agus cuirigí gáir suas: ‘Don Tiarna agus do Ghideón.’ ”