9 I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.
10 Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,
11 agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.
12 Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.
13 Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”
14 D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”
15 Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d'fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: “Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.”