1 Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar:
2 “Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: ‘Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?’ Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.”
3 Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, “Mar,” a dúradar leo féin, “is bráthair dúinn é.”
4 Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é.
5 D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.
6 Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim.
7 Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá:“Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim,i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.