12 Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin:‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
13 Ach d'fhreagair an fhiniúin iad:‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíonA chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoineD'fhonn bheith i réim ar na crainn?’
14 Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris:‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
15 Ach dúirt an dris leis na crainn:‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin,Tagaigí ar scáth mo ghéag;É sin nó tagadh tine as an drisAgus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’
16 “Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d'Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan -
17 throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;
18 ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m'athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é -