16 “Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d'Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan -
17 throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;
18 ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m'athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é -
19 más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.
20 Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”
21 Theith Iótám leis ansin, agus d'éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.
22 Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.