20 Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”
21 Theith Iótám leis ansin, agus d'éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.
22 Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.
23 Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.
24 Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.
25 Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.
26 Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis.