28 Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?
29 Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”
30 Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d'adhain a fhearg.
31 Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: “Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d'aghaidh.
32 Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.
33 Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d'aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.”
34 Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.