34 Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.
35 Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d'éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí.
36 Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: “Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.” “Is ann is dóigh leat,” arsa Zabul leis, “gur fir iad scáthanna na sléibhte.”
37 “Seo fir,” arsa Gál arís, “ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.”
38 “Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”
39 Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic.
40 Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh.