38 “Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”
39 Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic.
40 Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh.
41 D'fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim.
42 Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan.
43 Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.
44 Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d'ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n‑ár.