43 Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.
44 Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d'ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n‑ár.
45 Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.
46 Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít.
47 Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd,
48 ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d'ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: “Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.”
49 Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.