49 Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.
50 Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.
51 Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d'iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.
52 Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d'ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine,
53 chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc.
54 Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.
55 Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.