50 Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.
51 Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d'iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.
52 Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d'ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine,
53 chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc.
54 Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.
55 Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.
56 Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air.