7 Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá:“Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim,i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.
8 Chuaigh na crainn amach tráthChun rí a ungadh dóibh féinAgus dúradar leis an gcrann olóige:‘Bíse i do rí orainn!’
9 Dúirt an crann olóige leo, ámh:‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras,Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoineChun a bheith i réim ar na crainn?’
10 Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí:‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’
11 Dúirt an crann figí leo, ámh:‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseachtAgus mo dhea-thoradhChun a bheith i réim ar na crainn?’
12 Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin:‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
13 Ach d'fhreagair an fhiniúin iad:‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíonA chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoineD'fhonn bheith i réim ar na crainn?’