Eagna 1 ABN

A Ghiúdacha

Lorgaigí an Fhíréantacht, Foinse na Neamhbhásmhaireachta

1 A rialtóirí an domhain, bíodh grá agaibh don fhíréantacht;bíodh an-mheas agaibh freisin ar an Tiarnaagus lorgaigí é le hintinn ghlan.

2 Óir is iad na daoine nach mbaineann triail asa fhaigheann é;taispeánann sé é féindo na daoine nach ndiúltaíonn creidiúint ann.

3 Is iad na smaointe mímhacántaa scarann an duine ó Dhia;agus nuair a chuirtear féachaint ar a Uilechumhachtbascann sí lucht na díchéille.

4 Óir ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach,ná ní dhéanfaidh sí cónaíi gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca.

5 Teitheann spiorad naofa na dea-oiliúna ón gcamastaíl,agus tugann sé a chúl le smaointe gan chiall,agus baintear siar as le teacht na hurchóide.

6 Spiorad daonnachtúil is ea an eagnaach ní mhaithfidh sé a bhriathra don diamhaslóir.Óir tá Dia ina fhinné ar na mianta is doimhne atá ann,agus breathnaíonn sé a chroí go fírinneachagus éisteann sé lena chuid cainte.

7 Mar tá Spiorad an Tiarnatar éis an domhan go léir a líonadh;agus is eol dó siúd a choinníonn gach ní le chéilean uile fhocal a labhraítear.

8 Ar an ábhar sin ní fhanfaidh duine ar bith i bhfolacha labhraíonn go héagórach,agus nuair a thabharfaidh an chóir breithiúnas,ní scaoilfidh sí thairsti é.

9 Cuirfear fiafraí ghéar ar sheifteanna an duine aindiagaagus tabharfar tuairisc do Dhia ar a bhriathrachun go smachtófar é de dheasca a choireanna.

10 Óir tá cluais chruinnaireach ag éisteacht le gach uile níagus níl cogarnaíl chnáimhseála ar bith a fhágfar faoi cheilt.

11 Seachnaígí cnáimhseáil éadairbheach;coinnigí bhur dteanga ón mbéadán;óir an chaint a dhéantar faoi choimní rachaidh sí saor ó phionós,agus milleann béal bréagach an t‑anam.

12 Ná cuir thú féin i mbaol báistrí dhul ar seachrán ó bhealach na beatha;ná tarraing léirscrios anuas ort féin le do mhíghníomhartha.

13 Mar níorbh é Dia a rinne an bás,ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.

14 Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rudchun go mairfeadh sé go deo.Is folláin iad dúile an domhain;níl aon nimh mharfach iontu,ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh.

15 Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.

Drochdhaoine agus an Bás

16 Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chuculena ngníomhartha agus lena mbriathra araon.Cheap siad gurbh é a gcara éagus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh;rinne siad conradh leis,ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19