1 Ach d'ionsaigh díbheirg neamhthrócaireachna héagráifigh go bun an angair,mar bhí a fhios [ag Dia] roimh ré céard a dhéanfaidís:
2 Is é sin, go gceadóidís do do phobal imeachtagus go seolfaidís uathu iad gan mhoill ar dtús,ach ansin go dtiocfaidís ar mhalairt intinneagus go rachaidís sa tóir orthu.
3 Óir, cé go raibh siad gafa fós ag na gnása adhlactha,agus ag déanamh mairgní ar bhruacha uaigheanna na marbh,tharraing siad chucu scéim bhaoth eile:mar atá, na daoine a raibh siadtar éis a iarraidh orthu mar ghrásta imeachta thóraíocht mar theifigh.
4 Is amhlaidh a bhí cinniúint éigin, a bhí tuillte acu,á mbrú i dtreo na críche déanaí seoagus ag tabhairt orthu dearmad a dhéanamhar a raibh tar éis titim amach dóibh cheana féin,ionas go bhfulaingeoidís roimh [a mbás] an t‑aon phionós amháin dá bpianpháis a bhí fágtha,
5 agus chun go ndéanfadh do phobal féin turas trasna míorúilteachach go bhfaigheadh an dream eile úd bás éagsúlach.
6 Óir bhí an chruthaíocht uile á dealbhú féin as an nuaina nádúr agus ag géilleadh do d'aitheantaionas go gcoimeádfaí do chlannsa slán ó dhochar.
7 Chonacthas an scamall ag caitheamh scáile ar an gcampaagus talamh tirim ag éirí aníos mar a raibh uisce roimhe sin;rinneadh bealach gan bhac den Mhuir Ruaagus machaire féarmhar den fharraige fhraochmhar
8 trínar ghabh an náisiún go léira bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin,tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.
9 Ansin bhí siad ag ceáfráil ar nós capall ar féarach,agus ag léim timpeall cosúil le huainagus iad do do mholadh, a Thiarna,mar is tusa a d'fhuascail iad.
10 Ba chuimhin leo go fóillan saol eachtrach a chaith siad le linn a ndeoraíochta:conas mar a thug an talamh corrmhíolta uaidhin ionad ainmhithe,agus mar a sceith an abhainn lear mór froganna in áit báirí eisc,
11 agus mar a chonaic siad cineál nua d'éanlaith ina dhiaidh sinnuair a d'iarr siad sócamais le haonchorp suthaireachta.
12 Óir, chun sásamh a thabhairt dóibh,tháinig na gearra goirt isteach chucu ón bhfarraige.
13 Imríodh díoltas ar na peacaigh,ach ní dhearnadh é gan rabhadh a thabhairt dóibhroimh ré trí dhéine na gcaor tine.Go deimhin, de dheasca a gcoireanna féin,is le ceart a bhí pianpháis á fulaingt acu;óir ba nimhní ná aon fhuath a bhí ann riamh roimhe sin,an ghráin dhearg a bhí acusan ar a n‑aíonna.
14 Is amhlaidh a bhí daoine eile ann tráth,nach ndearna ach diúltú glacadh le strainséirínuair a tháinig siad ar cuairt chucu;ach rinne an dream seo sclábhaithe d'aíonna,a bhí tar éis comaoin a chur orthu.
15 Ach ní hé sin amháin é.Óir, cibé ar bith maolú pionóis a bheidh ann,bainfidh an chéad dream leas asmar ní raibh siad ach ag doicheall roimh allúraigh.
16 Ní amhlaidh sin don dara dream, áfach.Óir chuir siadsan fáilte agus fleá roimh do phobalagus bhronn siad orthu na cearta céanna agus a bhí acu féin;ach ansin chiap siad iadle daoroibreacha dianmhaslacha.
17 Ar nós an chéad dreama a bhí ina seasamh ag doras an fhíréin,baineadh radharc na súl den dara dream freisin,ach thit dorchadas chomh tiubh leathan sin orthugo raibh gach uile dhuine acu ag amarcaíl ar lorg a dhorais féin.
18 Óir comhcheanglaíodh na dúile le chéile i slite éagsúla,go díreach mar a atheagraítear nótaí na cruitechun foinn le rithimí nua a dhéanamh,ach gan nóta díobh a airde cheart féin a chailleadh.Sin é an tátal soiléir atá le baint as iniúchadha dhéanamh ar a bhfuil tar éis titim amach.
19 Óir rinneadh ainmhithe uisce de bheithígh thalún,agus d'aistrigh snámhairí leo go talamh tirim.
20 Go fiú san uisce, choinnigh an tine a gnáthfhuinneamh féin,agus rinne an t‑uisce féin dearmad ar a éifeacht mhúchta.
21 Ar an taobh eile de, theip ar na lasrachafeoil na n‑ainmhithe somhilltea bhí ag gabháil timpeall ina measc a ídiú;agus ní mó ná sin a leáigh siadan bia oighearchruthach soleáite neamhaí.
22 Óir, ar gach uile shlí, a Thiarna,thug tú ardréim agus gradam do do phobal,agus níorbh fhaillí duit gan seasamh leoriamh agus i gcónaí i ngach aon bhall.