Eagna 15 ABN

Níl Iosrael Ciontach Ann

1 Is cneasta, dílis, fadfhulangach thú, a Dhia linn,agus rialaíonn tú a bhfuil ann le barr trócaire.

2 Má pheacaíomar féin, is leatsa sinnagus is eol dúinn do chumhacht;ach ní dhéanfaimid aon pheacaí feasta,mar is eol dúinn go n‑áirítear sinn ar do mhuintir.

3 Óir is í iomláine na fíréantachta í aithne a bheith ag duine ort;agus is í fréamh na neamhbhásmhaireachta íeolas a bheith ag duine ar do chumhacht.

4 Níor chuir aon dealbh bhaothealaíonta daoine amú sinnná aon saothar díomhaoin péintéiríná íomhá éigin a bhí smeartha le dathanna éagsúla,

5 sa chaoi, nuair a fheiceann amadán éigin iad,go músclaítear antoil bhuile annagus go gcuireann sé dúil i gcruth neamhbheo deilbhe mairbhe.

6 Na daoine a dhéanann na híola seo, agus a chuireann dúil iontu,agus a thugann adhradh dóibh, gránn siad an t‑olcagus tá sé tuillte acu gan aon ní níos fearr ná iad a bheith acua d'fhéadfaidís a muinín a chur astu.

Is Baoth iad Lucht Déanta Íol

7 Agus seo sampla eile fós:Fuineann an criadóir an chré bhog le mórán dua;ansin múnlaíonn sé gach sort árthaigh aisti mar áis dúinn;is as an gcnap céanna cré a mhúnlaíonn séní amháin na hárthaí a fhónann do ghnóthaí glanaach na cinn freisin a mbaintear malairt feidhme astu;mar sin féin, is ar an gcuma chéanna a dhéantar iad go léir.Is é an potaire féin, áfach, a shocraíonncé acu de na feidhmeanna seo a bhíonn ag gach árthach díobh.

8 Ansin le dua éigríonna múnlaíonn sé dia díomhaoinas an gcré chéanna,siúd is gur fear é féin a rinneadh as an talamhtamaillín roimhe sin,agus a fhillfidh arís ar ball beag ar an talamh ar tógadh as é,nuair a iarrfar air an t‑anam a fuair sé ar iasachta thabhairt ar ais.

9 Ach is róchuma leis-sean go bhfuil an bás i ndán dó,ná gur gearr é an saol a bheidh aige abhus.Is amhlaidh a théann sé ag iomaíocht le hórcheardaitheagus le gaibhne geala,agus déanann sé aithris ar ghaibhne copairagus ceapann sé gur mór an clú dó é dealbha bréige a mhúnlú.

10 Tá a chroí ina luaithreach,is suaraí ná an chréafóg a dhóchas,agus is anuaisle ná an láib féin a bheatha.

11 Óir ní aithnid dó an té a mhúnlaigh é,agus a shéid anam bíogúil isteach annagus a chuir anáil na beatha faoi.

12 Is amhlaidh a mheasann sé nach bhfuil inár saol ach siamsaagus gurb ionann ár mbeatha agus aonach brabachóireachta.“Óir ní foláir do dhuine,” deir sé,“brabach a dhéanamh ar ais nó ar éigean.”

13 Is eol don fhear seo thar aon duine eile go bhfuilpeaca á dhéanamh aige,nuair a dhéanann sé árthaí sobhriste agus íola as cré na talún.

Baois na nÉigipteach

14 Naimhde uile do phobailse,iad siúd go léir a d'imir ansmacht orthu,tá siad an-díchéillí ar fadagus is truamhéilí ina meon iad ná naíonán somheallta.

15 Mar cheap siad gur dhéithe iad íola uile na bpágánach,d'ainneoin go bhfuil súile acu nach bhfeiceannagus polláirí nach dtarraingíonn anáilagus cluasa nach n‑éisteannagus meara nach mothaíonnagus cosa nach féidir leo siúl.

16 Óir is duine daonna a rinne iadagus neach ar tugadh a anam ar iasacht dó a mhúnlaigh iad;níl sé ar chumas aon fhir bheo dia a dhealbhúa bheidh cosúil leis féin.

17 Mar tá sé féin so-mharaithe,agus is marbh é an rud a dhéanann sé lena lámhago mídhleathach.Óir is fearr é féin ná na nithe a adhrann sé;ar a laghad ar bith tá seisean beo; ní bheidh siadsan beo go deo.

Oirchill Dé le linn na bPlánna

Ainmhithe Díobhálacha, Gearra Goirt

18 Adhrann [naimhde do phobailse] ainmhithe,agus go fiú na hainmhithe is gráiniúla ina measc;nuair a mheastar na hainmhithe seo ó thaobh na héigéille de,is measa iad ná na hainmhithe eile go léir.

19 Fiú amháin mar ainmhithe, níl dealramhchomh dathúil sin orthugo gcuirfeadh aon duine dúil iontu;thairis sin, níor tháinig moladh nó beannacht ó Dhia riamh ina dtreo.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19