Eagna 6 ABN

A Rialtóirí na nGintlithe

Lorgaigí an Eagna

1 Éistigí, mar sin, a ríthe, agus tuigigí.Foghlaimígí, a rialtóirí na dtíortha is iargúlta.

2 Tugaigí cluas, sibhse atá i gceannas ar na sluaite daoineagus atá mórálach as oll-líon bhur ngéillsineach.

3 Óir is é an Tiarna a thug an ceannas daoibhagus is ón Té is Airde a fuair sibh an flaitheas.Cuirfidh sé fiafraí ghéar ar bhur ngníomharthaagus déanfaidh sé mionscrúdú ar bhur n‑intinní.

4 Mar is sibhse riarthóirí a ríochta,ach os amhlaidh nár thug sibh breitheanna córaagus nár chomhlíon sibh an dlí,agus nár thug sibh bhur saol de réir thoil Dé,

5 tiocfaidh sé in bhur gcoinne go haduafar tobann;óir is dian í an bhreith a thugtar ar lucht an cheannais.

6 Le teann trócaire tugtar maithiúnas don ísealach cuirfear fiafraí ghéar ar an uasal.

7 Ní chúbfaidh Tiarna na nUile roimh dhuine ar bith,ná níl beann aige ar an mustar,mar is é a chruthaigh mion agus móragus tugann sé an aire chéanna dóibh araon.

8 Is ea! Déanfar scrúdú dian ar lucht na cumhachta.

9 Chugaibhse, mar sin, a fhlatha, mo bhriathrale súil go bhfoghlaimeoidh sibh an eagnaagus nach ndéanfaidh sibh peacaí.

10 Óir naomhófar na daoinea chaomhnaíonn nithe naofa go cráifeach;agus na daoine ar múineadh dóibh iad,gheobhaidh siad cóir chosanta iontu.

11 Bíodh dúil agaibh, mar sin, i mo bhriathra;bígí ag tnúthán leo agus gheobhaidh sibh múineadh iontu.

An Té a Lorgann Faigheann

12 Is niamhrach domhúchta í an eagna;na daoine a bhfuil grá acu di,tugann siad faoi deara í gan dua;agus na daoine a bhíonn á lorg,faigheann siad í go furasta.

13 Ligeann sí a haithne roimh réleis na daoine a bhfuil dúil acu inti.

14 An té a éiríonn go moch ar a tóirní bheidh a shaothar in aisce aige,mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.

15 Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi;agus an té a dhéanann faire ar a sonis gairid go mbeidh sé saor ó imní.

16 Óir téann sí féin timpeallag lorg a díol de dhaoine;agus le neart dea-mhéinetaispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre,agus gluaiseann sí faoina ndéingach uair a smaoiníonn siad uirthi.

17 Óir is é fíorthosach an fheasa fonn foghlama.Ach músclaíonn cíocras chun foghlama grá di,

18 agus bunaíonn an grá comhlíonadh a haitheanta,agus is ionann coinneáil a haitheantaagus urraíocht ar an mbeatha shíoraí.

19 Agus céard í an bheatha shíoraíach bheith i láthair Dé?

20 Mar sin de is dúil san eagnaa threoraíonn an duine chun flaithis.

21 Dá bhrí sin, a rialtóirí ciníocha,má bhaineann sibh aoibhneas as ríchathaoireachaagus as ríshlata,tugaigí ómós don eagna chun go mbeidh sibh ag rialú go deo.

Cén Ní í an Eagna

Réamhrá

22 Míneoidh mé daoibh cén ní í an eagnaagus conas a tháinig sí ann.Ní cheilfidh mé aon rúndiamhra oraibh;Is amhlaidh a dhéanfaidh mé a lorg óna fíorthosach amachagus cuirfidh mé eolas soiléir ar fáil ina taobh.Ní ghluaisfidh mé thar an bhfírinne,

23 agus ní mó ná sin a thaistealóidh méi gcuideachta an éada mhífholláin,mar ní dhéanann an t‑éad aon chaidreamh leis an eagna.

24 Is slua saoithe a shlánaíonn an domhanagus ceannaire ciallmhar a dhaingníonn pobal.

25 Mar sin de, gabhaigí teagasc ó mo bhriathraagus déanfaidh sé tairbhe daoibh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19