1 Is í an eagna a chosain athair an domhain,an chéad duine a dhealbhaigh Dia,nuair nach raibh ann ach é féin,agus a d'fhuascail é óna choir
2 agus a thug cumhacht dó chun an uile ní a riaradh.
3 Nuair a thréig an drochdhuine í le teann feirge,bascadh é de dheasca a chuthaigh fhionaíolaigh.
4 Nuair a tháinig an díle ar an domhain mar gheall air,shábháil an eagna arís é;mar thug sí stiúradh don dea-dhuinetrí phíosa beagmhaitheasach adhmaid.
5 Nuair a bhí na gintlithe ina gcíor thuathail,toisc iad a bheith ar aon aigne le chéile sa mhallaitheacht,is í an eagna a d'aithin an dea-dhuineagus a choimeád saor ó locht é i láthair Déagus a chuir ar a chumas gan géilleadhdon trua a bhí aige dá leanbh féin.
6 Nuair a bhí na héagráifigh á ndíothú,is í an eagna a tharrtháil an dea-dhuine,nuair a bhí sé ag teitheadh ón tinea tháinig anuas ar na cúig chathair,
7 mar a bhfuil anois, mar chruthú ar a mallaitheacht,fásach a bhíonn ag cur deataigh uaidh de shíor,agus plandaí a thugann torthaí uathu nach n‑aibíonn riamh,agus gallán salainn atá mar leacht cuimhnear anam díchreidmheach.
8 Ó nár thug siad aird ar an eagna,ní hé amháin gur coisceadh iad ón mhaith a aithint,ach d'fhág siad cuimhne a mbaoise ag an saol freisinsa chaoi nach bhféadfaí a bhfaillí a cheilt.
9 Ach d'fhuascail an eagna a lucht freastail féin óna dtrioblóidí.
10 Nuair a bhí an dea-dhuine ag teitheadh ó fhearg a dhearthár,is í an eagna a threoraigh é ar bhóithre díreacha,agus a thaispeáin ríocht Dé dó,agus a thug eolas dó ar nithe naofa.Chuir sí rath ar a shaothar agus rinne sí a chuid oibre torthúil.
11 Nuair a tugadh faoi chalaois a dhéanamh air le barr sainte,sheas sise ceart dó agus rinne sí fear saibhir de.
12 Chosain sí ar a naimhde é agus chumhdaigh sí éorthu siúd a bhí ag déanamh luíocháin roimhe;thug sí an bua i ndianchomhrac dó chun go dtuigfeadh ségur cumhachtaí an chráifeacht ná aon ní eile.
13 Níor thréig sise an dea-dhuinenuair a díoladh ina sclábhaí é;ach choimeád sí saor ó pheaca é.
14 Chuaigh sí síos sa charcair ina theanntaagus nuair a bhí sé i ngéibheann,níor fhág sí é gur thug sí dó slat ríogaagus údarás ar an dream a bhí ag déanamh foréigin air;thaispeáin sí nach raibh ach lucht éithighsa dream a rinne lochtú airagus thug sí dó clú buanmharthanach.
15 Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim,ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.
16 Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna,agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafarale héachtaí agus le comharthaí.
17 Thug sí luach a saothair do na dea-dhaoineagus threoraigh sí ar bhóthar iontach iad;bhí sí ina scáth dóibh i rith an laeagus ina réaltbhuíon lonrach dóibh ar feadh na hoíche.
18 Sheol sí iad trasna na Mara Ruaagus thug slán iad trí uisce domhain.
19 Bháigh sí a naimhde ansin,agus chaith sí aníos arís iad as an duibheagán.
20 Dá thoradh sin bhain na dea-dhaoine a gcuid arm de na héagráifigh,agus chan siad iomann, a Thiarna, do d'ainm naofaagus mhol siad do lámh chosantach d'aon ghuth;
21 óir d'oscail an eagna béal na mbalbhánagus bhronn sí líofacht chainte ar naíonáin.