10 Nuair a bhí an dea-dhuine ag teitheadh ó fhearg a dhearthár,is í an eagna a threoraigh é ar bhóithre díreacha,agus a thaispeáin ríocht Dé dó,agus a thug eolas dó ar nithe naofa.Chuir sí rath ar a shaothar agus rinne sí a chuid oibre torthúil.
11 Nuair a tugadh faoi chalaois a dhéanamh air le barr sainte,sheas sise ceart dó agus rinne sí fear saibhir de.
12 Chosain sí ar a naimhde é agus chumhdaigh sí éorthu siúd a bhí ag déanamh luíocháin roimhe;thug sí an bua i ndianchomhrac dó chun go dtuigfeadh ségur cumhachtaí an chráifeacht ná aon ní eile.
13 Níor thréig sise an dea-dhuinenuair a díoladh ina sclábhaí é;ach choimeád sí saor ó pheaca é.
14 Chuaigh sí síos sa charcair ina theanntaagus nuair a bhí sé i ngéibheann,níor fhág sí é gur thug sí dó slat ríogaagus údarás ar an dream a bhí ag déanamh foréigin air;thaispeáin sí nach raibh ach lucht éithighsa dream a rinne lochtú airagus thug sí dó clú buanmharthanach.
15 Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim,ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.
16 Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna,agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafarale héachtaí agus le comharthaí.