11 Is amhlaidh a bhí siad á gcránuair a bhí siad as láthair [na bhfíréan]chomh maith céanna agus a bhí siadnuair a bhí siad ina láthair.
12 Tháinig brón orthu a méadaíodh faoi dhóagus thosaigh siad ag éamhnuair a thug siad chun cuimhnecéard a tharla dóibh.
13 Óir nuair a chuala siadgur tháinig rath ar na fíréintrí bhíthin a gcuid peannaidí féinthuig siad gurbh é an Tiarna faoi deara é.
14 An té a shéan siad go fonóideachnuair a caitheadh amach gan cosaint é tráth,rinne siad iontas de i ndeireadh na dála,mar níorbh ionann an tart a bhí orthu féinagus a bhí ar na fíréin.
15 Mar chúiteamh ar a mbaothsmaointe urchóideachaa chuir ar seachrán iad,sa chaoi go n‑adhraidís péisteanna díchéillí agus feithidí gránna,scaoil tú scata mór d'ainmhithe éigiallta leochun díoltas a imirt orthu,
16 ionas go gcuirfí ina luí orthugo smachtaítear an duineleis na nithe a bpeacaíonn sé trína mbíthin.
17 Ní raibh sé thar acmhainn do láimhe uilechumhachtaí,a chruthaigh an domhan as bunábhar éagruthachscata mathghamhna nó leoin fhiáinea shaighdeadh ina n‑aghaidh,