2 Ghluais siad trí dhíthreabh neamháitritheagus shuigh siad a mbothanna i bhfásaigh dhíbhealaigh.
3 Sheas siad in aghaidh a naimhde,chosain siad iad féin ar a lucht ionsaithe.
4 Nuair a bhí tart orthu, ghlaoigh siad ortsa,agus tugadh uisce dóibh as carraig rite chruachun a dtart a mhúchadh.
5 Na nithe a bhí ina dtrúig smachtaithe dá naimhde,is tríothu a cuireadh an rath orthusannuair a bhí siad i gcruachás.
6 In ionad síorfhoinse na habhanna suaitheadh agus truaillíodh le fuil théachta,
7 mar dhaorbhreith ar an reachta d'ordaigh marú na naíonán,thug tú do na fíréin flúirse uiscenach raibh súil acu léi;
8 tar éis duit a thaispeáint dóibhtríd an tart a bhí orthu féin san amconas a smachtaigh tú a naimhde.