7 mar dhaorbhreith ar an reachta d'ordaigh marú na naíonán,thug tú do na fíréin flúirse uiscenach raibh súil acu léi;
8 tar éis duit a thaispeáint dóibhtríd an tart a bhí orthu féin san amconas a smachtaigh tú a naimhde.
9 Óir nuair a cuireadh féachaint orthu féin -siúd is gur mhaolaigh an trócaire déine an chéachta -thuig siad conas a bhí na héagráifigh á gciapadh,ar tugadh daorbhreith orthu le teann feirge.
10 Mar rinne tú dream amháin a phromhadh,ag cur comhairle orthu mar athair;ach chéas tú an dream eile,ag tabhairt daorbhreith orthu mar rí cruachroíoch.
11 Is amhlaidh a bhí siad á gcránuair a bhí siad as láthair [na bhfíréan]chomh maith céanna agus a bhí siadnuair a bhí siad ina láthair.
12 Tháinig brón orthu a méadaíodh faoi dhóagus thosaigh siad ag éamhnuair a thug siad chun cuimhnecéard a tharla dóibh.
13 Óir nuair a chuala siadgur tháinig rath ar na fíréintrí bhíthin a gcuid peannaidí féinthuig siad gurbh é an Tiarna faoi deara é.