10 Nuair nár imir tú díoltas orthuach diaidh ar ndiaidh, áfach,thug tú ré aithrí dóibh,bíodh gur mhaith ab eol duit,gur tháinig siad de dhrochphóragus go raibh an urchóid iontu ó dhúchasagus nach dtiocfadh athrú dá laghadar a meon go brách na breithe,
11 mar ba mhallaithe an cine iad ón tosach.Ní amhlaidh ach oireadgur le teann eagla roimh dhuine éiginnár agair tú a ndrochbhearta orthu.
12 Óir cé ar féidir dó a rá leatsa:“Céard atá déanta agat?”Nó cé a chuirfidh in aghaidh do bhreithiúnais-sé?Cé a chúiseoidh thú i ndíothú ciníochaar tú féin a chruthaigh iad?Nó cé a thiocfaidh os do chomhair sa chúirtchun cúis choirpeach a agairt leat?
13 Níl aon Dia eile ann seachas thú féina bhfuil cúram na cruinne airle go gcaithfeá-sa a chruthú dónár thug tú breith éagórach uait riamh.
14 Ní féidir le rí nó le tíoránach ar bithaghaidh a thabhairt ort ach oireadmar gheall orthu siúd a smachtaigh tú.
15 Ach ós cóir tú féin, is go cóir a riarann tú gach ní,mar is é do mheas nach mbeadh sé ag teacht le do chumhachtaon duine a dhaoradh nach mbeadh pionós tuillte aige.
16 Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;is é an tiarnas atá agat ar an uile nía thugann ort iad go léir a choigilt.