13 Níl aon Dia eile ann seachas thú féina bhfuil cúram na cruinne airle go gcaithfeá-sa a chruthú dónár thug tú breith éagórach uait riamh.
14 Ní féidir le rí nó le tíoránach ar bithaghaidh a thabhairt ort ach oireadmar gheall orthu siúd a smachtaigh tú.
15 Ach ós cóir tú féin, is go cóir a riarann tú gach ní,mar is é do mheas nach mbeadh sé ag teacht le do chumhachtaon duine a dhaoradh nach mbeadh pionós tuillte aige.
16 Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;is é an tiarnas atá agat ar an uile nía thugann ort iad go léir a choigilt.
17 Taispeánann tú do chumhachtnuair nach dtugtar aitheantas d'iomláine do nirtagus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air.
18 Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agatis cneasta an bhreith a thugann túagus rialaíonn tú sinn le trócaire.Óir, cibé uair is toil leat é,is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.
19 Mhúin tú do do phobal leis na bearta sinnach foláir don fhíréan bheith cineálta;agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainnede bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.