19 Mhúin tú do do phobal leis na bearta sinnach foláir don fhíréan bheith cineálta;agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainnede bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.
20 Óir má chuir tú pionós ar naimhde do sheirbhíseach féin- daoine a raibh an bás tuillte acu -lena leithéid sin de chúram agus de bhoigéis,agus cairde agus caoi á dtabhairt agat dóibhchun an urchóid a chur díobh,
21 nach go géarchúiseach chomh maitha thug tú breith ar do mhuintir féin,dream a ndearna tú lena sinsir conarthaí faoi mhionna raibh gealltanais iontu a bhí ag tuar na maitheasa?
22 Mar sin de, tugann tú ceacht dúinnenuair a smachtaíonn tú ár naimhde [le barr measarthachta],le hionchas go ndéanfaimid dianmhachnamh ar do chineáltasnuair a bheidh breith á tabhairt againn,agus go mbeimid ag súil le trócaire uaitse,nuair a bheidh breith á tabhairt orainn féin.
23 Dá bhrí sin, na drochdhaoine a bhí ag tabhairt a saoil le baois,chiap tú iad lena n‑íola gráiniúla féin,
24 mar bhí siad tar éis dul rófhada ar strae ar an mbóthar mícheart.Is amhlaidh a mealladh iad mar pháistí baothasa chaoi go raibh meas déithe acuar na hainmhithe ba tháire agus ba shuaraí a bhí ann.
25 Dá dheasca sin, chuir tú mionphionós orthu ar dtúschun fonóid a dhéanamh fúthu mar a dhéanfá faoi pháistí gan chiall.