3 B'fhuath leat go deimhin seanáitritheoirí do thíre naofa
4 mar gheall ar na nósanna fíorghráiniúla asarlaíochtaagus na deasghnátha mínaofa a chleachtaídís.
5 Dúnmharfoirí éadrócaireacha leanaí ba ea iad,daoine a chaitheadh fleánna íobartachaa n‑ití feoil agus fuil dhaonna lena linn,daoine a glacadh isteach [i saobhchreideamh mire],
6 tuismitheoirí a bhásaigh naíonáin gan chosaint lena lámha féin.Chinn tú ar iad a dhíothú le lámha ár sinsear,
7 ionas go bhfaigheadh an tír ab ansa leatthar gach tír eile sa domhana dhíol de choilínigh i gclann mhac Dé.
8 Mar sin féin, ó ba dhaoine iad,chaith tú leo go trócaireach,mar sheol tú cearnabháin chucu,mar réamtheachtairí roimh d'armchun iad a dhísciú diaidh ar ndiaidh.
9 Ní amhlaidh nach raibh sé ar do chumasa ligean do na fíréinna héagráifigh a threascairt i gcath riarthanó iad a dhísciú le beithígh alltanó le haon fhocal géar amháin ar an toirt.